
Tá an suíomh seo á fhorbairt. Tuilleadh sonraí le leanúint.
Is tionscadal maoinithe ag LIFE ón AE é LIFE ar Mhacaire (Cód LIFE20 NAT/IE/000263) atá le bheith ar siúl ó 2022 go 2028.
Gnáthóg ar an gcósta is ea machaire a bhfuil má fhéarach saibhir ó thaobh speiceas, a forbraíodh ar ghaineamh séidte ag an ngaoth, mar shaintréith aige. In iarthar na hÉireann agus na hAlban amháin a fhaightear an ghnáthóg uathúil luachmhar seo. In éineacht le gnáthóga cósta eile ar nós na ndumhcha, cuireann machaire tearmann tábhachtach ar fáil do phailneoirí agus do speicis lapairí pórúcháin atá faoi bhagairt, ar nós na Breacóige, an Philibín agus an Chosdheargáin. Is in Éirinn atá clúdach talún iomlán machairí AE tar éis an Bhreatimeachta, rud a chiallaíonn go bhfuil tábhacht lena gcaomhnú in Éirinn ar scála Eorpach agus domhanda.
Beidh sé i gceist ag foireann thiomanta thionscadal LIFE ar Mhachaire tógáil ar an rath a bhí ar chláir oiriúnaithe go háitiúil, lena n-áirítear Comhpháirtíochtaí Eorpacha um Nuáil (CEN), chun cuidiú le feirmeoirí agus le páirtithe leasmhara eile machairí agus gnáthóga gaolmhara a athchóiriú agus a chaomhnú, agus feirmeoireacht inbhuanaithe agus turasóireacht a chruthú laistigh de phobail tuaithe.
Agus é ag díriú ar naoi Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCS) agus 4 Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta i gcontae Dhún na nGall, contae Mhaigh Eo agus contae na Gaillimhe, nascfar Scéim Íocaíochta Bunaithe ar Thorthaí (SÍBT) dheonach le cáilíocht na gnáthóige, ag tabhairt ról lárnach d’úinéir na talún, a scileanna, a saineolas agus a eolas ar a thalamh i bhforbairt an tionscadail seo.
Tá an tionscadal LIFE ar Mhachaire á chomhordú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta trí chomhoibriú leis na comhpháirtithe tionscadail, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), Teagasc agus Fáilte Éireann. Beidh sonraí an tionscadail ar fáil ar an suíomh gréasáin seo sna míonna amach romhainn. Más mian leat dul i dteagmháil le foireann an tionscadail seol ríomhphost chugainn le do thoil ag an seoladh seo: info@lifeonmachair.ie.